iPad Nua

imagesLá fuar geimhridh a bhí ann. Bhí sé ag cur báistí ó mhaidin agus bhí sé nimhneach fuar. Go tobann chualamar cnag ar an doras agus shiúil Máistir Ó Briain, an príomh oide isteach sa seomra ranga le dea-scéal. Cheannaigh sé trí iPad don rang. Nuair a chualamar an scéal lig an rang béic asainn in ard ár gcinn is ár ngutha. Cheapfá gurbh í an Nollaig agus mo bhreithlá ar an lá chéanna.

Leath mo shúile le hiontas nuair a chonaic mé an iPad nua. Ar dtús scríobh mé dhá scéal Teach Tri Thine agus Peata ar Scoil. Bhain mé úsáid as an app Book Creator agus an app Pages. Ansin rinne mé seó puipéid leis an app Puppet Pals. Bhí sé an-éasca ar fad agus bhain mé taitneamh as.

Cuimhneoidh mé an iPad sin go lá mo bháis.

Le Áine, Rang a Sé

Subscribe

Subscribe to our e-mail newsletter to receive updates.

Comments are closed.